Thursday, April 8, 2010

Fadhbanna a bhaineann le nuacht teilifíse

Seo iad na fadhbanna atá ag an rang a bhaineann le nuacht teilifíse.

Rinneamar dearmad beanachtaí a chur ag an tús is ag deireadh an phíosa. Chomh maith le sin, ní raibh an cuid is mó dúinn ag mangadh gáire. Tháinig sé trasna go raibh muid uilig mí-chairdiúil agus drochbhéasach toisc nach raibh aon ceangal ann idir an léitheoir nuachta agus na lucht féachana.

Bhí muid go léir marbh sna súile (b'fhéidir go raibh sé ró-luath ar maidin) agus bhí níos mó beocht ag teastail sna guthanna chomh maith. Is léir nach raibh muid compordach go leo ag léamh os comhair a chéile is os comhair an ceamara.

Bhí an rang ag titim thar na focal is ag éirí measctha. Bhi sé thar a bheith soléir nach raibh an scriopt ar eolas againn. Cúis eile go raibh daoine ag éirí trí na chéile leis an scriopt ná go raibh daoine ag léamh ró-ghásta is ag déánamh leath-léamh ar an bpíosa. Ní raibh sé sin proifisiúnta ar chur ar bith.

Ní raibh stáidiúr maith ag cúpla duine agus tháinig sin trasna san fhíseán. ba chór dúinn súigh i gceart chun a bheith níos proifisiúnta agus compordach.

IS léir nach raibh muinín ag an gcuid is mó dúinn os comhair an ceamara agus tháinig sé trasna go raibh muid míchomporadach is neirbhíseach.

Ach...seachas sin bhíomar ar fheabhas!! Caithfimid a bheith níos mó muiníneach asainn féin!

Wednesday, March 31, 2010

Clúmhilleadh agus craoladh teilifíse

Ó ritheadh an Acht Clúmhilleadh i 2009, bíonn ar láithreoirí a bheith iontach cúramach agus siadsan ag déanamh tuairisc. Má dheirtear aon rud a bhféadfadh clú duine éigin a scriosadh, tá ceart ag an duine sin an stáisiúin a thógáil go dtí na cúirteanna. I dtuairisc TV 3 sa bhlian 2009 ar an gclár, ‘Crime Capitals’, maígh go raibh an chathair Luimnigh an chathair is dáinséarach in Eorap maidir le dúnmharú. Ní firic ceart é seo agus nuair a luadh arís é ar Nuacht Channel 4, bheartaigh Juan Carlos Azzopardi an stáisiúin a thógáil chuig na cuirteanna toics go clúmhilleadh a bhí i gceist leis an gcás seo. Is é an fíor firic ná go bhfuil rátaí níos airde i gcathracha mar Nepali agus áiteanna sna Stáit Bhaltacha agus ní hé Luimneach an chathair is dáinséarach in Éireann fiú. Toisc go dúirt an clár ar TV3 agus an nuacht Channel 4, scriosadh clú an chathair agus thóg Azzopardí an cás cuite ina naghaidh chun an damáiste sin a chealú. Níor bhuaigh an fear agus an phobal an cás in aghaidh na stáisiúin toisc go dúirt an coiste go raibh na botúin bunnaithe ar staitisticí a bhí ar fáil ó Phríomh-Oifig Staidrimh. (www.bai.ie/.../60409_20100120_crimecapitals_tv3_cos.doc) Mar fheictear ón gcás stáidéar seo, tá sé thar a bheith tabhachtach chun na firicí ceart a bheith ar eolas agus iad a chraoladh. Muna bhfuil an stáisiúin cumarach go leor, tá an seans ann go mbeidh siadsan i dtrioblóid mór leis an ndlí.

Wednesday, March 10, 2010

Spriocamanna

Nil aon leithscéal chun spriocam a chailleadh, dar le Robert Thompson sa leabhar The Broadcast Journalism Handbook. Uaireanta ní bhíonn tú in ann aon rud a dhéanamh agus ní bhíonn an lucht ortsa, mar shampla má theipeann ar an dteicneolaíocht nó má bhíonn comhdháil preas déanach. Áfach, is é dualgas an iriseora an scéal a hullmhú cé má tá achan rud ag dul go mhíceart.

Ba chór don iriseoir a bheith ar an eolas faoin gcórais atá ag an stáisiúin. Tá sé riachtannach chun fáil amach conas a oibríonn na ríomairí agus an teilileideoir chun cabhrú le na heagrathóirí ag an bumait deireanach agus an scéal a chur le chéile don aer.

Tá sé iontach tabhachtach gan a bheith buartha nó faoi strus uafasach agus tú ag cur scéal le chéile. Comharlaíonn an leabhar seo chun a bheith ar do shuaimhneas agus an píosa a choinneál simplí agus soléir.

Más feidir agus nuair at a go leor ama idir lámha agat, déan eagarthóireacht ar an scéal agus déan tagairt den cód ama atá ar an bpíosa. Ciallaíonn é sin go mbeidh an eagarthóir inn ann an scéal a haimsiú go héasca agus go gasta.

Ach an rud is fearr a dhéanamh ná nuair if féidir, déan cinnte go bhfuil an scéal ullmhaithe agat chomh luath is féidir!

Tuesday, February 23, 2010

Scéalta don Teilifís

Tá an blag seo bunnaithe ar an eolas atá ar fáil sa leabhar "Broadcast News" le Mitchell Stephens (leabhar a fhuair mé ar chíos ón leabharlann!!). Sa chaibidil faoi scéalta atá curtha le chéile roimh ré, déanann Stephens trácht ar na cleachtais atá riachtananch don nuacht.





Dar leis an údar, bíonn tuairisceoirí ag obair ar maidin is san óiche chun scéalta a hullmhú don nuacht maidine agus an nuacht déanach. áfach, don chuid is mó, oibríonn tuairiceoirí raidió sa thrathnóna, ag ullmhú don nuacht a sé. Taifeadtar na saothar luath go léir agus déantar eagrathóireacht orthu roimh an nuacht beo.





Go ginirealta, bíonn ar iriseoirí dhá nó trí scéal a hullmú achan lá. De gnáth, scríobhann an tuairisceoir agus an criú na scéalta uilig agus déanann siadsan eagrathóireacht orthu chomh maith. Má tá brú ama i gceist, tógann teachtaire na físeain chuig an stuidió.





Cuireann an ceamaradóir agus an tuairisceoir ceist orthu féin "má bhí an lucht féachanna anseo, cad ba mhaith leo a fheiceáil?" Aimsíonn siad nithe sa chóngaracht ata simúil agus a thógann súil an léitheoir. Mar shampla, taobh amuigh de na cuirteanna, bíonn pictúir nó fís den té atá ciontach ag teacht amach i lúba nó agaideoirí feargach in aice le líne picéad. Uaireanta, feictear físeanna de rud atá foiréigneach ach ní i gcónaí. Is é an aidhm atá ag na pictiuirí seo ná mothúchán a chruthú sa bhrathnóir.

Feicimid éifeacht an eachtra ar na daoine atá sa scéal. Mar shampla an súnámaí Lá Stiofán, cé go chonaiceamar na tonnta móra, chonaiceamar na daoine a bhí ann nuair a tharla an eachtra - eagla, trí chéile agus díchreideamh - na mothúcháin a rith tríd na daoine.



Is léir go bhfuil na scéalta seo chomh tabhachtach don nuacht agus bíonn éifeacht mór acu ar na brathnóra.

Wednesday, February 17, 2010

Léitheoirí Nuachta

Tá an blog darbh ainm 'How to Become a Newsreader', bunnaithe ar léitheoirí nuachta agus ceistíonn sé na céimeanna atá acu. Deirtear nach bhfuil céimeanna den chéad scoth ag roinnt léitheoirí agus fuair siad a bpostanna toisc go bfhuil siad dáthúil . . . Glaotar "auto-cuties" orthu! Tá sé tuairiscithe go dtuileann Natasha Kaplinsky as chaineall 5, níos mó ná £1 milliúin sa bhliain agus deireann an blag seo go bhfuair sí a bhfuil aici as a haghaidh seachas a céim agus a cáilíocht. Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart nó cóir ráiteas mar sin a rá faoi dhaoine, toisc go bhfuil siad os comhair an ceamara. Tá inchinn agus áilleacht ag daoine agus ní dtig éinne a rá nach bhfuil na hiriseoirí seo in ann a bpost a dhéanamh i gceart agus áilleacht acu.





Tá ar leitheoiri nuachta a bpost a dhéanamh os comhair an pobal agus cinnte go mbeadhaidís féin-chomhfhiosach go leor gan daoine ag ceistiú a gcéimeanna agus a gcumas chun a bpostanna a dhéanamh go cruinn agus i gceart.



Caithfidh daoine an ceistiú seo a stopadh agus lig na léitheoirí nuachta leanúint ar aghaidh lena bpost gan bhrú ón bpobal . . .